(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
BHÍ NAOMH BHRÍD go mór i mbéal an phobail an tseachtain seo caite ach an tseachtain seo is í Gobnait atá á ceiliúradh, bean a mhair breis is 1,000 bliain ó shin i bpobal Gaeltachta in iarthar Chorcaí.
Gan faic a bhaint ó chlú ban phatrún na hÉireann agus bean a luaitear ‘bandia Ceilteach’ léi, is fiú cluas a thabhairt do scéal ‘Gobnait mhúinte Bhaile Mhúirne’, scéal nach gcuirfí an locht ort dá gceapfá gur scannán Hollywood atá ann. Cá bhfios ach gurb í Jessie Buckley a bheadh sa phríomh ról!
Cé gur dóichí gur bean cráifeach abea Gobnait, ba mhó a clú mar laoch nó gaiscíoch, an bean a sheas sa bhearna baoil idir an dainséar agus an pobal a bhí faoina cúram. Beagáinín cosúil le Jeanne d’Arc na Fraince, b’fhéidir.
Tá sí tar éis ceoldráma a spreagadh a raibh na sluaite ag líonadh amharclannaí ar a shon, tá long i gcabhlach na hÉireann tiomnaithe ina h-omós agus tá féile bliantúil spreagtha aici a mheallann mná le ‘Gobnait’ ina h-ainm chun teacht go Baile Mhúirne chun í a chomóradh.
Gach bliain ar 11 Feabhra tá an cheiliúradh seo á dhéanamh ar Ghobnait, bean a mhair breis is 1,000 bliain ó shin. Deirtear gur tháinig sí ó iarthar na hÉireann, Inis Oirr deirtear, agus gur spreag aingeal í i dtaibhreamh chun dul ag fánaíocht go dtí go dtiocfadh sí ar áit ina raibh naoi gcinn d’fhíanna bána agus gur cheart dí mainistir a bhunú ansan.
Breis is 1,000 bliain tar eis gur mhair sí, maireann scéalta faoin tionchar a bhí ag an mbean miorúilteach seo sa bhéaloideas go fóill – agus tá fianaise fisiciúil ann freisin gur mhair sí.
I Reilig Ghobnatan i mBaile Mhúirne, tá sean fothrach seipéil agus go h-ard ar an bhfalla laistigh, tá ceann cloiche greannta. Deirtear gurb é seo ceann an ghadaí dhuibh, bithiúnach a rinne an seipéal a robáil ach nuair a thuig Gobnait cad a thárla, thit ceo ar an ndúthaigh agus chaith mo dhuine an oíche ag fánaíocht sa cheo. Nuair a ghealaigh an lá dar gcionn, fuair sé é féin san áit ar thosaigh sé a éalú, díreach taobh amuigh den eaglais. Crocheadh é agus feicimíd iarsma a bháis go fóill.
Bhí clú na beachadóireachta ar Ghobnait agus deirtear gur bhain sí úsáid as saithe beach chun an ruaig a chuir ar ghaiscigh ó threabh comharsanach a rinne ionradh ar a ceantar.
D’úsáid sí bolla, den chineál a úsáidtear i gcaitheamh bollaí ar na bóithre inniu, chun foirgneamh a raibh tiarna áitiúil ag tógáil a leagadh go talamh. De réir an tseanachais leag sí an fhoirgneamh trí uaire sara bhfuair an tógálaí an teachtaireacht ná raibh fáilte roimis.
Ní h-amháin go dtugtar Gobnait chun cuimhne i mBaile Mhúirne ach, ós rud é go ndeirtear linn sa bhéaloideas gur stop sí i nDún Chaoin, i dtuaisceart Chorcaí agus sna Déise ar a slí go Múscraí, deintear í a cheiliúradh sna h-áiteanna sin freisin. Ar maidin inniu, bhí seipéal an pharóiste i mBaile Mhúirne lán go doras le muintir na h-áite agus le h-oilithrigh a tháinig ó fud fad na tíre chun omós a thabhairt don mbean naofa.
Tar éis an Aifrinn chuaigh na h-oilithrigh suas go dtí an altóir áit a raibh dealbh adhmaid den naomh, ón 13ú aois, ina luí ar thábla agus is é an traidiún ná go ndéantar an dealbh a thomhas le ribín tanaí dáite.
Tugann an oilithreach an ribín leo agus cuimlíonn siad é ar pé ball corp atá ag cur as dóibh. Canadh iomainn di a thug chun cuimhne a cumhachtai miorúilteacha agus an cheangal a mhothaionn daoine léi go dtí an lá inniu.
Go mbeannaí Dia dhuit, a Ghobnait naofa, Go mbeannai Muire dhuit agus beannaím féin dhuit, Chugatsa a thánag ag gearán mo scéal leat, Ag iarraidh mo leigheas ar son Dé ort.
Thuas ag a scrin i Reilig Ghobnatan, bíonn daoine ag dul ar an ’round’ go seasta. Is é atá sa round ná siúlóid timpill ar roinnt láthracha a luaitear le Gobnait, a h-uaigh, a cistin, an dealbh a rinne an ealaíontóir Corcaíoch Séamus Murphy sna 1960í, an tobar óna fuair sí a cuid uisce agus sean fhothrach an tseipéil a thóg sí. Deireann tú paidreacha ag gach láthair agus guíonn tú go ndéanfaidh Gobnait guí ar shon d’achainí.
Is mó duine tinn a fuair faoiseamh éigean mar gheall ar phaidreacha a dúirt tuismitheoir nó gaol eile nó cara ar a son ag scrín Ghobnatan. B’fheidir ná bhfuair siad leigheas iomlán ach fuair siad muinín nó misneach chun cabhrú leo téarnamh a dhéanamh. Leanann na traidisiúin sin go fóill.
Má lorgaíonn tú ainm Ghobnait ar liosta na Naomh ag an Vatacáin, is ar éigean go bhfaighidh tú ann í. Ach is naomh nó laoch nó bandia í dar le go leor anseo in Éirinn agus go h-áirithe i bparóiste Bhaile Mhuirne.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil