Connect with us

Breaking News

Gaeilge ró dheacair an chonstaic is mó roimh éifeachtacht fhógraí Ghaeilge – taighde

Published

on

DCM Editorial Summary: This story has been independently rewritten and summarised for DCM readers to highlight key developments relevant to the region. Original reporting by The Journal, click this post to read the original article.

image

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

TÁ AN GHAEILGE i bhfógraí teilifíse agus ar na meáin eile ró deacair chun go dtuigfeadh an pobal iad agus tá gá le Gaeilge níos spraíúla is polasaí níos solúbtha faoi aistriúcháin, tá sé molta ag saineolaí margaíochta agus taighde nua eisithe.

Toradh é sin ar thaighde atá déanta ag Amárach Research agus tá an moladh faoi pholasaí déanta ag Aoife Porter, bunaitheoir Bua Marketing, comhlacht atá ag iarraidh comhairle a thabhairt d’aisínteachtaí Stáit is ranna rialtas atá dualgas orthu sciar dá bhfógraíocht poiblí a dhéanamh as Gaeilge.

Sa staidéar taighde phíolótach atá foilsithe an mhí seo ag Súil Feasa, an t-ainm atá ar an tseirbhís nua, tagraítear don 1.4% den daonra a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil, de réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí, agus níos lú ná 10% a deir go bhfuil Gaeilge an mhaith acu.

“Is í an tuiscint ar an teanga an bac is suntasaí ó thaobh fógraíochta trí Ghaeilge,” arsa Porter.

Advertisement

“Bíonn tionchar suntasach ag an gcumas tuisceana sin ar fheidhmíocht fheachtais.

“Mar sin féin, is léir dá réir go bhfuil deiseanna nua straitéiseacha ann d’fhógróirí atá ábalta cur chuige cruthaitheach a úsáid.

“Má dhírítear ar úsáid laethúil spraíúil ag seachaint teanga theicniúil casta, is féidir dul i bhfeidhm orthu siúd ag a bhfuil leibhéal inniúlachta níos ísle acu, is é sin le rá formhór na tíre.”

De réir reachtaíocht teanga, ní mór do chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh as Gaeilge agus 5% a dhéanamh sna meáin Ghaeilge. I 2024, de réir taighde a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga, rinne comhlachtaí poiblí luach €19m fhógraíocht as Gaeilge.

Tá sé tugtha chun solais sa taighde seo go dtugann breis is 50% den phobal níos mó áirde ar fhógraí as Gaeilge agus go bhfuil triúr as gach ceathrar ar son riachtanas dlíthiúil go mbeadh fógraí as Gaeilge.

Deirtear freisin sa taighde gurb iad mná agus daoine idir 18-24 bliain d’aois is túisce a déarfaidh go bhfuil siad líofa sa Ghaeilge agus tá tionchar an banna Kneecap á lua mar údar le seo. Deirtear freisin gur dóichí gur fir seachas mná a roinnfidh ábhar as Gaeilge agus go roinneann móramh de dhaoine atá líofa nó ina gcónaí sa Ghaeltacht ábhar fógraíochta atá i nGaeilge.

De réir na hanailíse doimhin a déanadh ar dornán fógraí le leaganacha Gaeilge agus Béarla fuarthas go raibh na leaganacha Béarla níos éifeachtaí sa mhéid is gur shroich siad an pobal agus gur tuigeadh iad – ach ní raibh na fógraí Béarla ró fhada chun tosaigh ar na leaganacha as Gaeilge.

Deirtear gurb é an deacracht le tuiscint an chonstaic is suntasaí agus dá bhféadfaí seo a shárú go mbeadh fógraí nach mór chomh héifeachtach sa dá theanga.

Maítear i dtuairisc Súil Feasa go bhfuil an riachtanas de réir rialacháin go mbeadh aistriúchán iomlán cruinn Gaeilge ar an bhfógra Béarla ina bhac ar thuiscint agus go mbaineann seo ó héifeacht an fógra.

“Chuirfeadh polasaí níos solúbtha maidir le haistriúchán go mór le cumhacht na bhfógraí as Gaeilge sa todhchaí,” deirtear i gconclúidí an taighde

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone…
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article.

Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Continue Reading