Connect with us

Breaking News

Dúshlán tugtha don Aire Calleary soiléiriú a thabhairt faoina eolas faoi threoirlínte pleanála

Published

on

DCM Editorial Summary: This story has been independently rewritten and summarised for DCM readers to highlight key developments relevant to the region. Original reporting by The Journal, click this post to read the original article.

image

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ LITIR SEOLTA chuig an Aire Gaeltachta, Dara Calleary, ag iarraidh go ndéanfadh sé soiléiriú ar a thuiscint faoi threoirlínte phleanála Gaeltachta atá geallta aige agus Airí Gaeltachta eile go minic ó 2022 go mbeadh siad ar fáil ‘go luath’  ach nach mbeidh á n-eisiúint anois go dtí 2027.

Tugadh le fios sa Phlean Tithíochta a d’eisigh an Rialtas ar 13 Samhain go mbeadh Ráiteas Pleanála don Tithíocht sa Ghaeltacht á eisiúint sa chead leath de 2027.

Tar éis gur dhein The Journal fiosruithe ar an scéal, thug an Roinn Tithíochta le fios go raibh aisghairm déanta ag tús mhí Dheireadh Fómhair ar an reachtaíocht faoinar eisíodh treoirlínte pleanála roimhe sin. Dúradh sa ráiteas céanna gur ráitis náisiúnta pleanála a bheadh á eisiúint feasta de réir na reachtaíochta a tháinig i bhfeidhm níos déanaí i mí Dheireadh Fómhair.

Ina litir, tá imní léirithe ag Bánú go raibh an Aire ag tabhairt le fios in agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta ar 17 Samhain ‘go raibh sé féin ag obair go dian leis an Aire Tithíochta ar Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht a réiteach’ bíodh is go raibh deireadh leis an reachtaíocht faoinar eisíodh na treoirlínte céanna sé seachtaine roimhe sin.

Advertisement

“An amhlaidh nach raibh tusa agus oifigigh do Roinne ar an eolas go mbeadh deireadh ag teacht le ‘Treoirlínte Pleanála’ faoi Mhír 28 den Acht Pleanála 2000?,” fiafraítear sa litir chuig an Aire.

“Más amhlaidh, nach léiríonn sé sin easpa mhór cumarsáide idir tú féin agus an Aire Tithíochta faoin gceist? Níor mhiste dá bhféadfá an pointe sin a shoiléiriú dúinne agus don phobal.”

Sa litir ó Bhánú, thug an brú ghrúpa feachtais le fios freisin go raibh díomá orthu faoin teip ‘soláthar airgid a chur ar fáil sna meastacháin le húsáid ar thithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht’.

Dúradh freisin go raibh díomá ar an ngrúpa freisin mar go raibh ‘an cuma ar an scéal ná raibh aon rún ag an Aire úsáid a bhaint as reachtaíocht le ‘haon scéim tacaíochta de chineál ar bith a thionscnamh a thacódh le cainteoirí Gaeilge chun áit chónaithe a aimsiú i gceantar Gaeltachta’.

Luadh freisin sa litir go raibh cruinniú ag Bánú le hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus ag an gcruinniú sin pléadh moltaí a bhí ag an ngrúpa maidir le húsáid a bhaint as scéimeanna éagsúla ar nós ‘Réidh le Tógáil’ agus d’fhiafraigh an ghrúpa an bhféadfaí airgead caipteal breise a thabhairt don Údarás a ligfeadh don áisíneacht talamh a raibh ina seilbh a réiteach le go mbeadh sé ullamh chun go dtógfaí tithíocht air.

Lorgaíodh ag an gcruinniú sin go mbeadh deontas níos mó ann le h-aghaidh iarratasóirí ar an scéim tithe a thógaint i gceantair Ghaeltachta faoin scéim ‘Croí Cónaithe’ a thacaíonn le daoine ar mhaith leo athchóiriú a dhéanamh ar thithe tréigthe.

Thóg Bánú freisin an cheist cé acu an bhféadfaí an deontas tithíochta Gaeltachta a thabhairt ar ais. Dúradh go mbeadh sé ina chabhair mhór dá dtabharfaí ar ais an tacaíocht tar éis gur cuireadh deireadh leis i 2008 mar gheall ar an ngéarchéim áirgídís ag an am.

Tá siad ag iarraidh go mbunódh Roinn na Gaeltachta scéim iasachtaí chun cabhrú le cainteoirí Gaeilge ‘an bhearna a líonadh idir an morgáiste is mó a bheadh ar fáil agus an costas tógála/ceannaithe, ar an mbonn céanna leis an scéim ‘First Home’ atá ag an Roinn Tithíochta’.

Tá iarratas déanta ar aisfhreagra ar na ceisteanna atá tógtha ag Bánú ó Roinn na Gaeltachta.  Roimhe seo, nuair a tógadh an cheist leis an Aire Calleary tar éis do an agallamh a dhéanamh ar Adhmhaidin, dúirt urlabhraí leis i ráiteas go raibh an Aire ag teagmháil go rialta leis an Aire Tithíochta faoi fhoilsiú na Ráitis Pleanála Tithíochta do Cheantair Gaeltachta. 

Dúradh sa ráiteas go raibh béim leagtha ag an Aire Calleary ar níos mó acmhainní a threorú i dtreo an phróisis agus go raibh sé “ar bís go bhfoilseofaí an Ráiteas chun tosaigh ar an amlíne a d’éisigh an Roinn Tithíochta” an tseachtain roimhe sin. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone…
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article.

Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Continue Reading